Tionscadal Athfhorbartha Bháisín Alexandra
Is éard atá i gceist le Tionscadal Athfhorbartha Bháisín Alexandra ná thart ar 3 km de bhallaí cé a thógáil, báisín agus cainéal an chuain a dhoimhniú chun freastal ar shoithigh farraige níos mó, chomh maith le hoibreacha a bhaineann le hoidhreacht thionsclaíoch Victeoiriach an Phoirt.
Is é Tionscadal Athfhorbartha Bháisín Alexandra an chéad tionscadal mór atá le tabhairt ar aghaidh faoi Mháistirphlean an CHomhlachta 2012 go 2040. Is cuid de chlár caiteachais chaipitiúil de €600m thar deich mbliana an tionscadal seo agus rinne an Bord é a fhaomhadh i Nollaig 2016.