Ár bhfreagrachtaí agus freagrachtaí na Stiúrthóirí
Mar a thugtar míniú níos iomláine air sa Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí atá leagtha amach ar leathanach 12, is iad na Stiúrthóirí atá freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú agus as a bheith sásta go dtugtar léargas fíor agus cóir iontu.
Táimid freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis airgeadais agus as tuairim a chur in iúl ina leith, i gcomhréir le dlí na hÉireann agus le Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (an RA agus Éire). Faoi na caighdeáin sin, éilítear orainn cloí le Caighdeáin Eiticiúla na nIniúchóirí de chuid an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta.
Ullmhaíodh an tuarascáil seo, na tuairimí san áireamh, le haghaidh bhaill an chuideachta mar chomhlacht, i gcomhréir le halt 391 d’Acht na gCuideachtaí 2014 agus chun na críche sin amháin. Trí na tuairimí sin a thabhairt, ní ghlacaimid agus ní ghabhaimid freagracht orainn féin ar mhaithe le haon chríoch eile ná le haon duine eile a dtaispeánfar an tuarascáil seo dóibh nó a bhfaighidh seilbh uirthi, ach amháin nuair a aontaítear é sin go sainráite i scríbhinn roimh ré.
Cad é atá I gceist le hiniúchadh ar na ráitis airgeadais
Rinneamar ár n-iniúchadh i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (an RA agus Éire). Is éard is iniúchadh ann ná nuair a dhéantar fianaise a fháil faoi na suimeanna agus an fhaisnéis nochta atá sna ráitis airgeadais, ar leor iad chun gealltanas réasúnta a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé an chalaois nó earráid ba chúis leis. Mar chuid den iniúchadh, déantar na rudaí seo a mheas:
- cibé an bhfuil na polasaithe cuntasaíochta oiriúnach d’imthosca na Cuideachta, ar cuireadh i bhfeidhm go comhsheasmhach iad agus ar nochtadh go leordhóthanach iad;
- a réasúnta agus atá meastacháin shuntasacha chuntasaíochta na Stiúrthóirí; agus
- cur i láthair foriomlán na ráiteas airgeadais.
Dírímid ár gcuid oibre go príomha ar na réimsí sin trí bhreithiúnais na Stiúrthóirí a mheas i gcoinne na fianaise a bhfuil fáil uirthi, agus déanaimid ár mbreithiúnais féin. Chomh maith leis sin, déanfaimid measúnú ar an bhfaisnéis a nochtar sna ráitis airgeadais.
Déanaimid faisnéis a thástáil agus a scrúdú, trí úsáid a bhaint as an tsampláil agus as teicnící eile iniúchóireachta, sa mhéad a mheasaimid a bheith riachtanach chun bunús réasúnta a sholáthar chun teacht ar ár dtuairimí féin. Faighimid fianaise trí éifeachtúlacht na rialuithe, na nósanna imeachta tábhachtacha nó meascáin den dá rud sin a thástáil.
Ina theannta sin, léimid an fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais ar fad atá sa Tuarascáil Bhliantúil chun míráitis airgeadais leis na ráitis iniúchta airgeadais a aithint, agus chun aon fhaisnéis atá mícheart ó thaobh ábhair de bunaithe ar an bhfaisnéis a fuaireamar i gcúrsa an iniúchta, nó nach dtagann leis an bhfaisnéis sin de réir ábhair de, a aithint. Má chuirtear aon mhíráitis nó neamhréireachtaí dealraitheacha ábhair in iúl dúinn, déanfaimid a dtionchair dár dtuarascáil a mheas.