In 2016, d’fhás na líonta go dtí 34.9m tona, méadú 6.3% ar an mbliain roimhe sin. Seasann an fás iolraithe do na ceithre bliana seo caite ag 24.7% agus tá na líonta iomlána tréchuir ceithre mhilliún tona (12.9%) níos airde anois ná mar a bhí siad in 2007 roimh an cor chun donais eacnamaíoch.
Tháinig méadú mór ar allmhairí agus ar onnmhairí, rud a léirigh feidhmíocht dhearfach ghinearálta an gheilleagair le linn na bliana.
‘000 olltonaí | 2016 | 2015 | % athrú |
Allmhairí | 20,745 | 19,549 | 6.1% |
Onnmhairí | 14,184 | 13,289 | 6.7% |
Iomlán | 34,929 | 32,838 | 6.3% |
Tá forlámhas méadaitheach ag móid aonadaithe (82.5% ar an iomlán i dteannta a chéile) ar ár ngnó. B’ionann iad agus 76.9% den olltonnáiste iomlán deich mbliana ó shin.
‘000 olltonaí | 2016 | 2015 | % athrú |
Róró | 22,484 | 21,191 | 6.1% |
Lóló | 6,328 | 5,960 | 6.2% |
Bulcleacht | 4,017 | 3,857 | 4.1% |
Bulcsholad | 2,053 | 1,780 | 15.3% |
Briseadh Builc | 47 | 50 | (6.0%) |
Iomlán | 34,929 | 32,838 | 6.3% |
Aonadaithe | 28,812 | 27,151 | 6.1% |
Neamhaonadaithe | 6,117 | 5,687 | 7.6% |
Tharla an chuid is mó den fhás in 2016 (80%) i móid aonadaithe níos mó (d’fhás siad 6.1%).
Ach bhí ráta fáis níos airde (7.6%) ag na móid neamhaonadaithe níos lú.
Aonadaithe | 1,661 | 79.4% |
Neamhaonadaithe | 430 | 20.6% |
Iomlán | 2,091 | 100.0% |
Tháinig méadú 7.6% go dtí 944,531 aonad ar líon aonad róró na bliana agus tháinig méadú 8.1% go dtí 663,732 aonad ar líon na n-aonad coibhéise fiche troigh lóló. Is é Baile Átha Cliath an port lastais aonadaithe is mó in Éirinn agus an port is mó fás, agus mhéadaigh ár gcion de líonta iomlána uile-Éireann go dtí 50.0% (2015: 49.3%) i gcás róró agus go dtí 56.6% (2015: 54.9%) le haghaidh lóló.
2016 | 2015 | % athrú | |
Aonaid róró | 944,531 | 877,826 | 7.6% |
Aonaid choibhéise fiche troigh lóló | 663,732 | 614,226 | 8.1% |
D’fhás líonta Feithiclí Trádála 2.0% go dtí 104,185 aonad, i ndiaidh na bliana 2015 inar fhás líonta go mór (25.8%). Táscaire eile atá anseo go bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar intíre.
Sa Bhulcearnáil, tháinig méadú 4.1% ar Bhulcleacht (beagnach gach táirge peitriliam) agus méadú 15.3% ar Bhulcsholad. Méaduithe ar allmhairí agus onnmhairí táirgí stroighne ba chúis leis na méaduithe sin den chuid is mó.
D’fhás an ghné turasóireachta dár ngnó de bheagán: tháinig méadú 0.9% go dtí 1.8m ar líon na bpaisinéirí bád farantóireachta agus tháinig méadú 1.0% go dtí 0.5m ar líon na bhfeithiclí turasóirí.
D’fhás an turasóireacht turas mara go mór in 2016 nuair a thug 109 long chrúsála cuairt ar an bPort, is é sin méadú 17.2% ar an mbliain roimhe.
2016 | 2015 | % | |
Líon na long crúsála a thug cuairt ar an bport | 109 | 93 | 17.2% |
Paisinéirí agus an criú | 159,124 | 148,891 | 6.9% |
Olltonnáiste comhiomlán | 4,354,130 | 4,352,753 | 0.0% |