Stiúrthóirí agus Eolas Eile

Lucy McCaffrey

Cathaoirleach

Ina saol oibre tríocha bliain, d’oibrigh Lucy McCaffrey mar chomhairleoir gnó le heagaíochtaí san earnáil phoiblí agus phríobháideach in Éirinn agus le príomhchuideachtaí ilnáisiúnta san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus san Aifric. In 1992, tar éis di roinnt blianta a chaitheamh leis an gcomhairleacht nuálaíochta Synectics Inc. atá lonnaithe i mBostún, bhunaigh sí Latitude, comhairleacht a bhfuil speisialtóireacht aici in athrú straitéiseach eagrúcháin. Chuimsigh tascanna Latitude san earnáil phríobháideach na hearnálacha seirbhísí airgeadais, déantúsaíochta, proifisiúnta agus seirbhíse. Leis an obair atá déanta aici san earnáil phoiblí, áirítear éascú clár athraithe suntasach laistigh de réimse leathan eagraíochtaí agus tionscnamh, a raibh d’aidhm acu comhoibriú idir eagraíochtaí a chur chun cinn.

Cheap an tAire Iompair Lucy mar Chathaoirleach ar Chomlacht Chalafort Átha Cliath don chéad uair in 2009 agus athcheapadh í in 2014. Tá sí ina Stiúrthóir ar Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, ba Stiúrthóir de Chathaoirleach ar Chomlacht Chalafort Átha Cliath í idir 1997 agus 2002, agus ba bhall í de Bhord an Project Arts Centre ar feadh téarma cúig bliana (1988-1993).

Eamonn O’Reilly

Príomhfheidhmeannach

Ceapadh Eamonn O’Reilly mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomlacht Chalafort Átha Cliath i Lúnasa 2010, tar éis dó a bheith ina Phríomhfheidhmeannach ar Portroe Stevedores, gnóthas láimhseála lastais atá lonnaithe i bPort Bhaile Átha Cliath, ó 2005 ar aghaidh. Ag an am céanna, bhí Eamonn ina bhainisteoir forbartha grúpa freisin le máthairchuideachta Portroe, Doyle Shipping Group.

Roimh dó a bheith le Doyle Shipping Group, ba Bhainisteoir Tionscadail Eamonn le Securicor Ireland agus d’oibrigh sé freisin mar shainchomhairleoir bainistíochta le KPMG. Ba Phríomhfheidhmeannach Marine Terminals Limited é idir 1992 agus 1996.

Is innealtóir cairte é Eamonn a bhain céim amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá Máistreacht sa Riarachán Gnó aige ó Choláiste na Tríonóide. Is ball é Eamonn de Engineers Ireland.

Paul Bates

Stiúrthóir

Cheap an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Paul chuig an mBord i Meán Fómhair 2013. Ina shaol oibre 44 bliana sa Státseirbhís, d’oibrigh Paul i réimse leathan Ranna Rialtais, lena n-áirítear 18 mbliain leis an gcúram Turasóireachta agus 4 bhliain mar Chomhairleoir Tráchtála ag an mBunionadaíocht Éireannach don AE sa Bhruiséil. Roimh dhul ar scor i Márta 2013, bhí Paul ina Ard-Rúnaí Cúnta agus ina Cheannasaí ar an Rannóg Turasóireachta sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Cuimsíonn taithí Paul forbairt agus anailís beartais straitéisigh, dearadh clár agus clárbhainistíocht, athstruchtúrú a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí Stáit, rialachas comhlachtaí stáit agus dréachtú reachtaíochta.

Rinne Paul staidéar ar an eacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile BÁC agus bhain sé an Clár Dúshlán Ceannaireachta do Rúnathe Cúnta amach ó Ollscoil Harvard.

Cheap an Rialtas é mar bhall de Bhord Scannán na hÉireann, mar Stiúrthóir ar Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustaim na Sionainne agus mar Stiúrthóir ar an Tionscnamh um Mhargaíocht Turasóireachta Thar Lear Teoranta.

Geoffrey Darling

Stiúrthóir

Cheap an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Geoff chuig an mBord in Iúil 2014. Is comhairleoir loingseoireachta agus infheisteoir i longa é, a bhfuil breis agus 40 bliain de thaithí aige sa tionscal loingseoireachta, ar muir agus istír.

Tá Geoff ina chomhairleoir agus mar dhuine de bhunaitheoirí grúpa infheistíochta, atá i seilbh phríobháideach, de chuid an tionscail loingseoireachta. Déanann an Chuideachta comhinfheistíocht i longa nó tógann sé longa i ndeighleoga éagsúla den mhargadh loingseoireachta.

Mar chomhairleoir, cuireann sé comhairle ar chliaint éagsúla faoi ghnéithe tráchtála agus oibriúcháin a bhaineann leis an tionscal loingseoireachta.

Roimhe seo (1992 go 2005), ba scairshealbhóir bunaidh/stiúrthóir é Geoff de chuideachta neamhspleách a bhí gafa le cairtfhostú agus oibríochta soitheach cuisnithe, agus a d’fhreastail ar chliaint éagsúla arbh úinéirí nó infheisteoirí loinge iad. D’fhás an chuideachta go raibh sí ina Príomhoibritheoir Soitheach Cuisnithe Speisialaithe agus ina Bhainisteoir Comhthiomsaithe. Ina phost mar Phríomhoifigeach agus Stiúrthóir Oibríochtaí, bhí baint aige le gach gné de ghníomhaíochtaí na Cuideachta. Tá go leor taithí aige ar bheith ag obair le poirt ar fud an domhain mar chustaiméir.

Áirítear leis an taithí áta aige istír (1989 go 1992) tréimhsí mar Bhainisteoir Oibríochtaí d’úinéir loinge, agus post mar Phleanálaí Coimeádán (1985) le haghaidh cuibhreannas cuideachtaí loingseoireachta.

Is Máistir-Mhairnéalach cáilithe Aicme 1 é a bhfuil taithí 15 bliana ar an bhfarraige aige (1972 go 1989), i gcéimeanna ó Dhalta go Captaen, ar chineálacha éagsúla loinge agus iad i mbun trádála ar fud an domhain.

Roimh dhul ar muir dó, d’oibrigh Geoff do Bhanc na hÉireann.

Emer Finnan

Stiúrthóir

Cheap an tAire Iompair Emer Finnan chuig Bord Chomlacht Chalafort Átha Cliath i bhFeabhra 2011. Is gairmí airgeadais í Emer a bhfuil 20 bliain taithí aici, agus tá sí ina Comhpháirtí agus ina Stiúrthóir Bainistíochta Sinsearach le Kildare Partners (ciste cothromais príobháideach) ó Mheán Fómhair 2013. Roimh dó an post seo a ghlacadh, ba chinnire ghrúpa institiúidí airgeadais NCB í Emer ó Mheán Fómhair 2012 go Meán Fómhair 2013. Ó Eanáir go Meán Fómhair 2012 d’oibrigh Emer mar chomhairleoir neamhspleách. Bhí Emer ina Stiúrthóir Airgeadais leis an gCumann Oideach Foirgníochta (EBS) ó Fheabhra 2010 go Nollaig 2011 agus bhí róil straitéiseacha aici leis an EBS idir 2005 agus 2010, chomh maith le bheith ina Rúnaí ar an gCuideachta le linn cuid mhaith den tréimhse sin. Roimh di post a fháil leis an EBS, d’oibrigh Emer mar Stiúrthóir le NCB Corporate Finance Limited agus thug sí comhairle faoi go leor idirbheart sa mhargadh Éireannach. Roimhe sin, d’oibrigh Emer sa réimse airgeadais chorparáidaigh le ABN AMRO Bank N.V. agus le Citibank i Londain. Fuair Emer oiliúint mar chuntasóir cairte le KPMG.

Bhain Emer céim amach in COBÁC agus is Comhalta d’Institiúid na gCúntasóirí Cairte in Éirinn í. Bhí Emer ina ball de Bhord Údaráis RTÉ ó 2005 go 2010 agus is Stiúrthóir í de C&C Group plc agus d’Fhondúireacht Shráid Temple, an carthanas a bhaineann le hOspidéal na Leanaí ar Shráid Temple.

John Moore

Stiúrthóir

Ghlac John Moore post ar Bhord Phoirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath in 1977 agus tá roinnt post sinsearach glactha aige san eagraíocht, lena n-áirítear Ceannasaí um Sholáthar agus Ceannasaí Iniúchta Inmheánaigh. Tá sé fostaithe faoi láthair i Roinn Cothabhála agus Seirbhísí na heagraíochta. Ceapadh chuig an mBord é in 2007 agus athcheapadh é in 2012.

Is eisean an pointe teagmhála do phoirt in Éirinn a bhfuil baint acu le Clár Oiliúna Phoirt na Náisiún Aontaithe atá dírithe ar chumais oiliúna a threisiú agus acmhainní daonna na bpobal poirt i dtíortha atá i mbéal forbartha a fhorbairt.

Bhain John an clár Stiúrthóir Cairte amach in Institiúid na Stiúrthóirí Cairte. Tá B.A. sa Bhainistíocht agus Máistreacht sna Staidéir ar Bheartais Eacnamaíochta aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is Ball Iarchéime é d’Institiúid Mhargaíochta na hÉireann agus is ball é d’Institiúid Chairte na n-Iniúchóirí Inmheánacha.

Tá John ina bhall de CSTGT agus tá sé ar choiste feidhmiúcháin an Ghrúpa Náisiúnta Oibrithe agus Stiúrthóirí in Éirinn.

Michael Sheary

Rúnaí na Cuideachta & Príomhoifigeach Airgeadais

Tháinig Michael Sheary isteach sa Chuideachta in 1982 agus bhí róil shinsearacha éagsúla aige, lena n-áirítear Leas Rialtóir Airgeadais, go dtí gur ceapadh é mar Rúnaí agus Príomhoifigeach Airgeadais na Cuideachta in 2001. Ó shin i leith, tá maoirseacht déanta ag Michael ar fheidhmeanna airgeadais, dlíthiúla agus riaracháin na Cuideachta.

Cáilíodh Michael mar Chuntasóir Cairte Deimhnithe in 1988 agus glacadh é mar Chomhalta de Chumann na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe in 1996. Is Stiúrthóir é de Chuideachta Gníomhaíochtaí Ainmnithe (DAC) Dhroichead na Rinne agus tá ionadaíocht déanta aige roimhe seo ar son Chomlacht Chalafort Átha Cliath mar Stiúrthóir ar East Link Limited. Is Iontaobhaí de scéim Pinsin le Sochar Sainithe Chomlacht Chalafort Átha Cliath é.

  • Rúnaí & Oifig Chláraithe
  • Michael Sheary
  • An Lárionad Poirt
  • Alexandra Road
  • Baile Átha Cliath 1
  • Uimhir Chláraithe: 262367
  •  
  • Baincéirí Príomha
  • Banc na hÉireann
  • 2 Burlington Plaza
  • Burlington Road
  • Baile Átha Cliath 4
  • Iniúchóirí
  • PricewaterhouseCoopers
  • Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht
  • Iniúchóireachta Reachtúla
  • One Spencer Dock
  • North Wall Quay
  • Baile Átha Cliath 1
  • Achtúirí
  • Mercer
  • Charlotte House
  • Charlemont Street
  • Baile Átha Cliath 2
  • Dlíodóirí
  • Beauchamps Solicitors
  • Riverside Two
  • Sir John Rogerson’s Quay
  • Baile Átha Cliath 2
  • Eversheds
  • One Earlsfort Centre
  • Earlsfort Terrace
  • Baile Átha Cliath 2
  • Mason Hayes & Curran
  • South Bank House
  • Barrow Street
  • Baile Átha Cliath 4