Ráiteas ón gCathaoirleach

Tá fís sa Mháistirphlean faoi conas Calafort Bhaile Átha Cliath a fhorbairt chun freastal ar mhéadú faoi dhó ar líonta an phoirt atáthar ag súil leis go dtarlóidh sé thar 30 bliain ó2010 go dtí 2040.

Lucy McCaffrey —
Cathaoirleach

Réamhrá

Tá áthas orm a thuairisciú gur éirigh go han-mhaith arís eile le Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath in 2016. Láimhseáladh leibhéal tréchuir thar na bearta le líonta iomlána 34.9m tona (méadú 6.3% ar leibhéal na bliana roimhe). Déantar achoimre thíos ar phríomhghnéithe fheidhmíocht an tréchuir:

  • Méadú 6.3% ar an tréchur iomlán ó 32.8m tona go dtí 34.9m tona
  • Méadú 6.1% ar allmhairí ó 19.5m tona go dtí 20.7m tona
  • Méadú 6.7% ar onnmhairí ó 13.3m tona go dtí 14.2m tona

Bhí méadú ar na líonta in 2016 bunaithe arís eile ar fhás tréan san earnáil aonadaithe. Tháinig méadú 6.1% agus 6.2% faoi seach ar an ngnó róró agus ar an ngnó lóló. Ba é tonnáiste iomlán na ngnóthaí aonadaithe in 2016 ná 28.8m tona. Tháinig méadú ar bhulclíonta freisin. D’fhás an bhulcleacht 4.1% go dtí 4m tona agus d’fhás an earnáil bulcsholad 15.3% go dtí 2.1m tona.

Chuir méadú ar na líonta tréchuir le feidhmíocht thréan airgeadais eile in 2016, trínar:

  • Tháinig méadú 5.1% ar an láimhdeachas ó €77.7m go dtí €81.6m
  • Tháinig méadú 6.1% ar an mBrabús Oibriúcháin ó €42.9m go dtí €45.6m
  • Tháinig méadú 8.8% ó €49.3m go dtí €53.6m ar thuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (TRÚCDA)
  • Tháinig méadú 7.3% ar an mBrabús don Bhliain Airgeadais ó €36.4m go dtí €39.0m

Is é cuspóir sáraitheach Chuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath gnó a éascú agus deimhin a dhéanamh de go mbogtar allmhairí agus onnmhairí tríd an bPort go héifeachtúil. Chonacthas leibhéil thréana fáis le ceithre bliana anuas agus is soiléir gurb é an dúshlán is mó atá os ár gcomhair anois ná cumas a chur ar fáil go fóill laistigh d’achar reatha an Phoirt agus deimhin a dhéanamh de go leanfaidh ár gcustaiméirí agus ár dteirminéil orthu ag feidhmiú. Tá se leagtha amach i Máistirphlean 2012-2040 na Cuideachta conas atá sé beartaithe againn é sin a dhéanamh.

Máistirphlean 2012-2040

Ghlac Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath leis an Máistirphlean 2012-2040 (“an Máistirphlean”) i mí Eanáir 2012 i ndiaidh próisis fhorleathain um chomhairliúchán poiblí, rannpháirteachas le páirtithe leasmhara agus measúnú comhshaoil.

Tá fís sa Mháistirphlean faoi conas Port Bhaile Átha Cliath a fhorbairt chun freastal ar mhéadú faoi dhó ar líonta an phoirt atáthar ag súil leis go dtarlóidh sé thar 30 bliain ó 2010 go dtí 2040. Cuirtear treoir straitéiseach ar fáil ann faoi úsáid talún i bPort Bhaile Átha Cliath agus aithnítear ann gur rud tábhachtach é an úsáid is fearr a bhaint as acmhainn ghann talún agus cé, acmhainn nach mór pleanáil go cúramach ina leith agus Port Bhaile Átha Cliath á fhorbairt amach anseo.

Ó tugadh isteach an Máistirphlean, baineadh an-úsáid as chun treoir agus comhthéacs straitéiseach a sholáthar faoi thodhchaí an Phoirt, ní amháin do Chuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath, ach freisin don Rialtas Náisiúnta agus Áitiúil, do ghníomhaireachtaí reachtúla agus do ghníomhaireachtaí pleanála agus forbartha. Úsáideadh an Máistirphlean mar bhonn eolais do Pholasaí Náisiúnta na bPort agus do Pholasaí Iompair agus úsáideadh mar threoir é ag na hÚdaráis Phleanála agus Cheadaithe chun polasaithe agus tograí sonracha a leagadh amach maidir le Port Bhaile Átha Cliath.

Aithníodh go mbeadh sé riachtanach athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an Máistirphlean chun deimhin a dhéanamh de go leanfadh sé de bheith ábhartha agus chun a chuspóir lárnach a bhaint amach, .i. fís shoiléir a sholáthar maidir le forbairt an Phoirt amach anseo.

Aithníodh go raibh athruithe ar leibhéil éilimh ar bhonneagar an phoirt ina bpríomheilimint a bhfuil feidhm aici ar an uair a dhéantar athbhreithniú ar an Máistirphlean. Ag an bpointe seo i dtús 2017, is soiléir gur dócha go sáróidh leibhéal an éilimh ar bhonneagar an phoirt an leibhéal a rabhthas ag súil leis i dtús báire toisc go mbeidh an leibhéal fáis ar líonta lastais don tréimhse suas go dtí 2040 níos airde ná a rabhthas ag súil leis. Mar sin, sheolamar próiseas comhairliúcháin phoiblí i mí Eanáir 2017 maidir leis an gcéad athbhreithniú againn ar an Máistirphlean.

Ó foilsíodh an Máistirphlean in 2012, cuireadh roinnt forbairtí suntasacha i gcrích a thacaíonn le hathbhreithniú ar an Máistirphlean. Áirítear leis na forbairtí sin:

  • Téarnamh geilleagrach a bhí ina chúis le méadú arís eile ar an bhfás bliantúil cumaisc ar líonta poirt
  • Tionscadal Athfhorbartha Bháisín Alexandra a thosú a áiríonn timpeall trian amháin de na roghanna forbartha bonneagraí a aithníodh ar dtús sa Mháistirphlean
  • Rialú a fháil arís ar 11.2 heicteár de thailte an Phoirt chun iad a chur ar fáil chun críocha athfhorbartha
  • Obair athfhorbartha ar roinnt láithreán i bPort Bhaile Átha Cliath a chríochnú chun 16.1 heicteár bhreise de thailte inrochtana poirt a chur ar fáil
  • Obair athfhorbartha ar 720m de thailte cé
  • Cheannaigh an Chuideachta láithreán 44 heicteár in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath chun áis nua Phort Intíre Bhaile Átha Cliath a fhorbairt
  • Polasaí Náisiúnta na bPort a fhoilsiú i mí an Mhárta 2013
  • D’fhoilsigh an tÚdarás Iomaíochta a thuairisc Competition in the Irish Ports Sector (Iomaíocht in Earnáil Port na hÉireann) i mí na Samhna 2013
  • D’fhoilsigh Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath a Pholasaí Saincheadúnais i mí na Bealtaine 2014
  • D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair a Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2016-2035
  • I mí an Mheithimh 2015, cruthaíodh Bithsféar Bhá Bhaile Átha Cliath mar chomhthionscnamh ag:
  • Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath
  • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Comhairle Contae Fhine Gall
  • Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
  • An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
  • Bord Fáilte
  • Cruthaíodh Crios Forbartha Straitéisí Iarthar an Phoill Bhig i mí na Bealtaine 2016
  • Foilsíodh Plean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath 2016-2021 ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Cuireadh an Máistirphlean le chéile ar dtús chun léargas soiléir a thabhairt do pháirtithe leasmhara uile an Phoirt ar an gcaoi a ndéanfar an Port a fhorbairt san fhadtéarma.

Cúig bliana níos déanaí, tá sé níos soiléire anois conas ar cheart Port Bhaile Átha Cliath a fhorbairt chun cuspóirí an Mháistirphlean a chomhlíonadh.

Tá sé beartaithe Athbhreithniú 2017 ar an Máistirphlean a úsáid chun roghanna forbartha bonneagraí Phort Bhaile Átha Cliath a nuashonrú agus a bheachtú agus, trína leithéid a dhéanamh, deimhin a dhéanamh de go gcuirtear ar fáil go fóill sa Mháistirphlean an réiteach is fearr d’fhorbairt thodhchaíoch Phort Bhaile Átha Cliath suas chomh fada le 2040.

Calafort Intíre Bhaile Átha Cliath

In 2016, rinne an Bord cinneadh suntasach chun seilbh a fháil ar 44 heicteár de thalamh ag Páirc Lóistíochta Aerfort Bhaile Átha Cliath in aice leis an M50. Rinne an Bord é sin chun Crios Lóistíochta Seachtrach Poirt a bhunú. Fuarthas cead ón Aire i mí Iúil 2016 chun seilbh a fháil ar an talamh. Rinneadh an-fhorbairt ar an réasúnaíocht chun seilbh a fháil ar thailte breise i gcomhthéacs pholasaithe talún na Cuideachta, mar atá leagtha amach sa Mháistirphlean, Plean Straitéiseach agus Polasaí Saincheadúnais.

Rinneadh na cuspóirí seo a leanas a dheimhniú sa Mháistirphlean agus sa Phlean Straitéiseach ach go háirithe:

  • úsáid a bhaint as achar reatha an Phoirt a oiread agus is féidir; agus
  • deiseanna a imscrúdú chun cur le bunachar talún na Cuideachta lasmuigh d’eastát an Phoirt, chun athlonnú gníomhaíochtaí nach príomhghníomhaíochtaí iad a éascú.

De bhreis ar an méid thuasluaite, thuig an Bord go raibh fás leanúnach ag teacht ar an tréchur, rud a thug le tuiscint go bhféadfadh líonta bheith i bhfad níos mó ná na líonta a leagadh amach i dtús báire sa Mháistirphlean.

Meastar go n-úsáidfear na tailte a fuarthas seilbh orthu chun éascaíocht a dhéanamh ar dhíláithriú gníomhaíochtaí neamhphríomha poirt sa ghearrthéarma agus go n-úsáidfear faoi dheireadh iad chun freastal ar lastais allmhairithe/onnmhairithe de réir mar a thiocfaidh méadú ar líonta poirt.

Cuirfear tús le hoibreacha tosaigh cumasúcháin ar Phort nua Intíre Bhaile Átha Cliath in 2017.

Le chéile, tá dóigh ag an mBord go gcuirfidh próiseas athbhreithnithe an Mháistirphlean sraith nua roghanna forbartha ar fáil, rud a chuirfidh an cumas ar fáil, i gcomhar le cur i bhfeidhm Thionscadal Athfhorbartha Bháisín Alexandra agus le forbairt áiseanna breise ar na tailte nua, atá riachtanach chun freastal ar an bhfás leanúnach.

Comhtháthú an Phoirt agus na Cathrach

De bhreis ar an gcuspóir cumas a chur ar fáil atá riachtanach chun freastal ar an bhfás amach anseo, tá sé mar chuspóir freisin ag an Máistirphlean, agus na naisc thréana atá ann leis na céadta bliain anuas á n-aithint, comhtháthú níos mó a bhaint amach idir an Port agus an Chathair.

Áirítear ar na bealaí a ndéanaimid gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach ná trínár straitéisí um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach (“FSC”) agus um Bogluachanna.

Breathnaíonn Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath ar a chlár FSC mar ghealltanas Poirt chun cur leis an bhforbairt inbhuanaithe eacnamaíoch – oibríonn sé le fostaithe, leis an bpobal áitiúil agus leis an tsochaí ghinearálta chun an mianach saoil a fheabhsú, ar bhealaí atá tairbheach do ghnó an Phoirt agus do Chathair Bhailte Átha Cliath, a shaoránaigh agus a chuairteoirí.

Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá a fhios ag Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath go maith go bhfuil nasc tréan ann idir an Port agus na pobail áitiúla, a cruthaíodh i gcaitheamh na mblianta, agus déantar iarracht leis an gclár FSC tacú le gníomhaíochtaí i bpobail áitiúla a bhaineann leis an oideachas, le spóirt agus le tionscadail chomhphobail.

Áiríodh le príomhthionscnaimh na bliana 2016 rannpháirteachas i:

  • bhFreagra ar Dhrugaí Cheantar na Rinne (FDCR)
  • dTionscnamh Luathfhoghlama Choláiste Náisiúnta na hÉireann
  • gClár leanúnach Scoláireachta Chuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath
  • gclubanna agus gníomhaíochtaí éagsúla spórtúla

Ag teacht leis na gealltanais atá leagtha amach sa Mháistirphlean, d’fhaomh an Bord creat bogluachanna a bheidh mar bhonn agus taca breise do chomhtháthú an Phoirt agus na Cathrach. An aidhm atá leis sin ná deimhin a dhéanamh de go bhfuil creat forbartha againn atá freagrach do na limistéir ar theorainn, go háirithe limistéir i mBá Bhaile Átha Cliath atá ainmnithe faoin reachtaíocht chomhshaoil AE.

Iarrtar leis an gcreat deimhin a dhéanamh de go ndéanaimid:

  • Forbairt nua a chomhtháthú le tírdhreacha tógtha agus nádúrtha sa dúiche mórthimpeall
  • Dearadh inbhuanaithe a chur chun cinn sa timpeallacht nádúrtha agus thógtha
  • Caomhnú na struchtúr cosanta in eastát an phoirt a dhaingniú
  • Prionsabail an Dearaidh Uilíoch a chur chun cinn chun go mbeadh rochtain ó nádúr ag daoine faoi mhíchumas, agus acu siúd gan mhíchumas araon, ar thimpeallachtaí
  • Port Bhaile Átha Cliath a chur chun cinn chun críocha áineasa agus conláiste trí bhéim a leagan ar shiúlóidí agus rotharbhealaí a tháirgeann áiseanna chun breathnú ar éin agus ar an bhfiadhúlra, mar aon le radhairc ar an mbá agus an timpeallacht ghinearálta, agus ar an ngníomhaíocht sa phort
  • Nithe is díol spéise suntasacha a fhorbairt, amhail Lárionad Oidhreachta an Phoirt
  • Rochtain an phobail ar imeall an uisce a uasmhéadú agus tírdhreachú agus ardchaighdeáin ghlaineachta a úsáid chun an ríocht phoiblí a fheabhsú

In 2015, chríochnaíomar tionscadal athchumraíochta ar an Tumchlogad ar Ché Sir John Rogerson. Buíochas leis an tionscadal sin, is féidir le daoine den phobal an píosa tábhachtach stairiúil seo d’oidhreacht Phort Bhaile Átha Cliath a rochtain anois agus léirmhíniú a fháil ar stair forbartha Phort Bhaile Átha Cliath agus ar an méid a rinne an t-innealtóir cáiliúil Bindon Blood Stoney ar son na forbartha sin.

In 2016, chríochnaíomar an obair a bhí á déanamh againn ar Lárionad nua na Maraithe ar Bhóthar Alexandra agus thosaíomar ag obair ar thionscadal chun limistéar Lárionad an Phoirt a oscailt suas ar Bhóthar an Phoirt Thoir, rud a athróidh ó bhun conas a chuirfear eastát an phoirt i láthair sna dugthailte, ceantar a bhfuil forbairt thapa ag teacht air.

Áireofar leis na tionscadail amach anseo Liathróid Todhchaí a shuiteáil ar Ché John Rogerson, sean-chraein poirt a shuiteáil mar oidhreacht thionsclaíoch ar Ché an Phoirt Thuaidh agus obair athchóirithe a dhéanamh ar an Long Sholais Kittiwake chun ionad ilfheidhmeach inaistrithe a chruthú le haghaidh siamsaíochta agus taispeántas.

De bhreis ar na tionscadail chaipitil atá leagtha amach thuas, thugamar faoi roinnt tionscadal cultúrtha chomh maith, Starboard Home (Baile as a Deis) in 2016 agus Port Perspectives (Tuairimí Poirt) in 2017.

Faoin tionscnamh Starboard Home, d’oibríomar leis an gCeoláras Náisiúnta chun ealaíontóirí a choimisiúnú chun saothair nua a chruthú a bhainfeadh leas as ceol, amhráin agus an briathar scríofa. D’úsáidfí na rudaí sin chun timthriall nua-aimseartha amhrán a chruthú a dhíreodh ar an nasc stairiúil idir an Port agus an Chathair. D’éirigh go maith leis an tionscnamh sin agus eisíodh albam a cuireadh chun cinn le dhá cheolchoirm in 2016.

Dírítear arís eile sa tionscnamh Port Perspectives, a seoladh in 2017, ar an bPort agus an Chathair a athnascadh, agus tá roinnt eilimintí ann, na cinn seo a leanas san áireamh:

  • Taispeántas Hugh Lane de bhreis is 70 saothar le healaíontóir Eugene Van Mieghem (1875-1930) a tháinig as Antuairp, a raibh an-chuid gnéithe de shaol Phort agus Cathair Antuairp thar na ndeich mbliana le feiceáil ina chuid oibre, lena n-áirítear tríd an gCéad Chogadh Domhanda agus le linn na hollinimirce chuig na Stáit Aontaithe
  • Trí phíosa nua saothair ealaíne a choimisiúnú ar Thailte an Phoirt
  • Clár rannpháirtíochta le pobail áitiúla agus le coláistí ealaíne a tháirgeadh ag Port Bhaile Átha Cliath

Conclúid

Mar chríoch, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe ar an mBord as a gcuid oibre le linn na bliana seo caite.

I mí na Samhna 2016, athcheapadh Emer Finnan chuig Bord na Cuideachta ag an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Tá raon leathan taithí airgeadais ag Emer agus tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta agus Riosca na Cuideachta. In 2016, tháinig deireadh le téarmaí oifige Helen Collins agus Pat Magner agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leo as an obair luachmhar go léir a rinne siad agus as a seirbhís le linn a dtéarma oifige.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Eamonn O’Reilly, an Príomhfheidhmeannach, leis an bhfoireann bainistíochta agus le baill foirne uile Chuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath as a gcuid oibre le linn na bliana seo caite. Buíochas lena ngealltanas agus a dtiomantas, tá an Chuideachta ag dul ó neart go neart i gcónaí agus tá gach seans ann go mbainfear amach a phríomhchuspóir, .i. éascaíocht a dhéanamh ar thrádáil agus ar fhás trádála sna blianta atá romhainn.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire agus le foireann an Aire ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt as a rannpháirteachas leanúnach gníomhach in 2016.

Ar deireadh, de bhreis ar bhuíochas a ghabháil lenár gcustaiméirí as a ngnó leanúnach, ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bpáirtithe leasmhara go léir as a gcuid cabhrach agus tacaíochta i gcúrsa na bliana.

Lucy McCaffrey

Cathaoirleach

31 Márta 2017