27. Ionstraimí Airgeadais

Tá na hionstraimí airgeadais seo a leanas ag an gComhlacht:

2016 €’0002015 €’000

Sócmhainní airgeadais ar ionstraimí fiachais iad atá tomhaiste ar chostas amúchta:
Féichiúnaithe trádála12,48711,758
Trádálaithe eile640870
Infheistíochtaí (curtha san áireamh i sócmhainní reatha)-64,192
13,12776,820

Airgead sa bhanc agus ar láimh37,9865,882

Dliteanais airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas
Ionstraimí airgeadais díorthaigh148385

Dliteanais airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta:
Iasachtaí bainc34,98734,934
Creidiúnaithe trádála6502,364
Creidiúnaithe eile6,5875,898

42,22443,196
Ionstraimí airgeadais díorthaigh - Malairtí ráta úis
Téann an Comhlacht i mbun conarthaí um malairt rátaí úis chun an nochtadh do rátaí úis ar iasachtaí an Chomhlachta a mhaolú. Ar 31 Nollaig 2016, tiocfaidh na conarthaí go léir in aibíocht laistigh de 3 mhí (2015: 15 mhí) ó dheireadh na bliana.

Déantar na conarthaí um babhtáil rátaí úis a thomhas ar luach cóir, a dhéantar a shocrú agus úsáid á baint as teicnící luachála ina n-úsáidtear ionchuir inbhraite. Sa luach cóir tógtar san áireamh na rátaí seasta, comhlúthacha agus margaidh i bhfeidhm ag deireadh na bliana. Ós rud é go ndéantar babhtáil rátaí úis a mharcáil go margadh ag deireadh na bliana, tá a luach carraeireachta comhionann lena luach cóir.