32. Imeachtaí tar éis an dáta tuairiscithe

Ar an 24 Márta 2017 tugadh an t-idirbheart dhíolachán talún chun críche i dtaobh an airgid thirim arna choimeád in eascró. Coimeádadh é sin maidir le ceannach tailte i bPáirc Loighistice Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhí faoi réir athchriosú de réir mar ba chuí.

Ar an 29 Márta 2017 chuir an Comhlacht saoráid iasachta nua i bhfeidhm le DAC Bhanc Uladh. Is ionann an tsaoráid sin agus saoráid creidmheasa rothlaigh ar luach €50m agus beidh sé ann ar feadh cúig bliana agus dhá rogha breise ann um shíneadh ag aon bhliain amháin.

Níor tharla aon imeachtaí eile idir dáta an Chláir Chomhardaithe agus an dáta ar a d’fhaomh an Bord na ráitis airgeadais, a mbeadh sé riachtanach mar gheall orthu coigeartú a dhéanamh ar na ráitis airgeadais ná aon nochtadh breise a dhéanamh.