21. Iasachtaí Bainc

2016 €’0002015 €’000

Iasachtaí Bainc34,98734,934

34,98734,934

Bíonn na hiasachtaí sin iníoctha i gcaitheamh na dtréimhsí seo a leanas tar éis dheireadh na bliana:
Laistigh d’aon bhliain amháin34,987-
Idir aon bhliain amháin agus dhá bhliain-34,934

34,98734,934

Taispeántar Iasachtaí Bainc glan ó chostais eisiúna as fiacha caipitlithe de €13k (2015: €66k) atá á n-amúchadh i gcaitheamh théarma na bhfiach.

Tá saoráid iasachtaíochta ag an gComhlacht le Banc Éireann, atá comhionann le €50m, atá déanta suas de shaoráid iasachtaí téarmacha de €35m agus saoráid creidmheasa imrothlaigh de €15m. Is le haghaidh théarma cúig bliana í an tsaoráid sin agus tá sé dlite le haisíoc go hiomlán i Márta 2017. Bhí €35m den tsaoráid tarraingthe aníos ag deireadh na bliana.

Tá an ráta úis ar an iasacht athraitheach ar bhonn an EURIBOR agus ar an gcorrlach is infheidhme. Níl aon urrús inláimhsithe á choimeád ag BOI i leith na saoráide sin.

I mí na Nollag 2015 chuaigh an Comhlacht isteach i gConradh Maoiniúcháin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i dtaobh shaoráid maoinithe um thionscadal €100m. Is le haghaidh théarma 20 bliana í an tsaoráid sin agus níl sí tarraingthe ag deireadh na bliana.